Tá Fáinne Cnoc Shliabh gCuillinn suite i réigiún a bhfuil baint i bhfad siar aige leis an imeallchríoch ársa sin ar tháinig tús leis nuair a chéadchónaigh daoine in Éirinn. Bhí sé ar na bóithre agus sna páirceanna seo agus thar na cnoic agus na sléibhte seo a mhair, a throid agus a bhásaigh Cúchulainn agus Ridirí na Craoibhe Rua, Muintir Uí Néill agus Uí Anluain. Tá stair, áilleacht agus cultúr beo sa cheantar seo, ceantar a bhí mar imeallchríoch riamh ó aimsir sheanchosaintí na hIarannaoise ag Na Doirse, trí Pháil na nAngla-Normannach, agus ar na saolta seo mar theorainn an lae inniu. Léirítear sa cheantar seo an meascán de chultúir ón chultúr Neoiliteach go dtí cultúr ár linne, agus cuireann an tuath chnocach leis an sult a bhaintear as siúlóidí síochánta, as an tsáriascaireacht agus as an fháilte chairdiúil a fhaightear ag gach stop.
Event takes place on January 25, 2021 until March 1, 2021